Seans maith gurb é seo an táirge fisiciúil is áille a cuireadh amach do léitheoirí na Gaeilge riamh.

Ceannaigh é!

Cart
Your cart is currently empty.

Is cuideachta í Gliadar a bunaíodh chun na leabhair is spleodraí a chur ar fáil i nGaeilge. Táimid thar a bheith uaillmhianach agus tá neart ar na bacáin againn.

 

Cruthaitheoirí an leagain Ghaeilge de Scott Pilgrim

 

Seanán Ó Coistín

Is as Cill Choca, Contae Chill Dara dó. Bhain sé céim sa Stair, Polaitíocht agus Staidéir Chomhdhaonnacha amach in Ollscoil Luimnigh mar aon le hArd-Dioplóma sa Ghaeilge Fheidhmeach agus Aistriúchán ó hInstitiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo. Chaith sé seal ag obair mar aistritheoir Gaeilge i bParlaimint na hEorpa i Lucsamburg ag aistriú reachtanna agus cáipéisí eile nach léann aon duine. Is maith leis ríomhchláir a aistriú go Gaeilge. Labhraíonn sé sé theanga.

 

Brian Mac Giolla Mhuire

Is dearthóir, scríbhneoir agus eolaí (ionchasach) ó Calgary in Alberta, Ceanada é. Tá grá mór aige don Ghaeilge, agus ghlac sé páirt san fhoireann a chuir an leagan Gaeilge den chluiche mór le rá “Among Us” ó Innersloth ar fáil. Tá dochtúireacht san imdhíoneolaíocht á críochnú aige in Ollscoil Oslo. Tá cónaí air in Oslo na hIorua faoi láthair.

Katelyn McKenna

Is dearthóir grafaicí agus maisitheoir ó na Clocha Liatha, Contae Chill Mhantáin í. Tá cónaí uirthi i mBeirlín na Gearmáine. Rinne sí staidéar ar Amharc-chumarsáid sa Choláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha i mBaile Átha Cliath agus ó shin, is le dearadh léaráidí a bhfuil sí ag caitheamh a saol. Faigheann sí tinfeadh dá healaíon ó cheol, imeachtaí atá ag tarlú, agus ó na gnáthimeachtaí a tharlaíonn go laethúil a bheireann ar a haird. Tá súil ghéar aici don dúlra, ailtireacht, daoine agus a gcuid scéalta.

Is sa ríomhchlár Procreate a dhéanann sí a hobair ar fad ó thús go deireadh. Is iPad an uirlis is gnách léi. Ó am go chéile, téann sí i muinín Adobe Illustrator!

Go hiondúil, ní bhíonn ach líon beag dathanna ina saothair agus is breá léi nuair a bhíonn scéal le hinsint ina saothair ealaíne. Tugtar cuireadh don phobal chun iad féin a imeascadh sna scéalta sin.

Is féidir eolas a chur uirthi ar www.katelynmckenna.com