Seans maith gurb é seo an táirge fisiciúil is áille a cuireadh amach do léitheoirí na Gaeilge riamh.

Ceannaigh é!

Cart
Your cart is currently empty.

Beidh Gliadar ag freastal ar imeachtaí agus beidh daoine in ann leabhair Scott Pilgrim a cheannach ag na himeachtaí sin.

Ceannaigh do leabhair Scott Pilgrim ANOIS agus bailigh ag na himeachtaí seo a leanas iad

Más mian leat leabhair Scott Pilgrim a ordú roimh ré, tig leat iad a cheannach anois agus iad a bhailiú ag ceann de na himeachtaí seo a leanas. Is fiú go mór é a dhéanamh chun a chinntiú go mbeidh leabhair fágtha duit. Tá fuadach ar Scott Pilgrim i nGaeilge! Tá siad ag díol go tréan agus go tapa.

Dublin Comic Con - Lúnasa 2024

Beidh an Dublin Comic Con (ard-fheis greannáin agus nithe gaolmhara) ar siúl Dé Sathairn 24 Lúnasa agus Dé Domhnaigh 25 Lúnasa i Lárionad Comhdhála Bhaile Átha Cliath.

Offaly Comic Con - Meán Fómhair 2024

Reáchtálfar an ard-fheis greannáin úd i Leabharlann Thulach Mhór, Contae Uíbh Fáilí Dé Sathairn, 14 Meán Fómhair, óna 10.00 go 16.00. Tabharfaidh Seanán Ó Coistín caint uaidh sa leabharlann ag míniú conas mar a aistríodh Scott Pilgrim go Gaeilge.

Oireachtas na Samhna - Mí na Samhna 2024

Reáchtálfar Oireachtas na Samhna i gCill Airne, Co. Chiarraí ó 30 Deireadh Fómhair - 3 Samhain 2024. Beidh seastán ag Gliadar ar an aonach ann.